Míniú ar an ainm Doire Leac Chonaill. Rud beag seanchais faoi Naomh Conall, d’fhág sé lorg dhá uilinn agus glúine i leac agus tá altóir agus tobar ansin anois. Tá leigheas sa tobar. Tagann cuid mhór daoine ann sa tsamhradh. Chuala sí faoi dhaoine a fuair leigheas faithní ann. An dóigh leis an turas a dhéanamh; 7 gcloch agus 7 deichniúr den phaidrín. Téann tú thart ar an tobar 3 huaire agus le gach deichniúr ráite, caitheann tú cloch sa tobar. Ansin ag lorg na nglúine deir tú 7 Ár nAthair agus 7 Sé do Bheatha agus an Chré. Déantar an turas ar 15 Lúnasa, Lá Féile Muire Mór san Fhómhair ach thig é a dhéanamh am ar bith. | 00:02:18 | |